Skip to content

Stair na scoile

stair na scoile

Sráid Chonnachta st & an búistéir

Is ag cruinniú de choiste Ghlór na nGael, Cill Choca a rinneadh an cine go ndéanfaí iarracht Gaelscoil a bhunú sa bhaile. As san tháinig grúpa le chéile agus tar éis go leor oibre agus earcaíocht, bunaíodh Gaelscoil Uí Riada i 1986. 

Bhí an scoil i Halla Naomh Iósaif ar feadh dhá mhí go dtí go raibh seomra stórais a bhí ar chúl Shiopa Bhúistéara Uí Chadhain ullmhaithe dóibh.  Chaith an scoil an chéad bhliain ansin agus bhog sí go teach beag i Sráid Chonnachta i Meán Fómhair 1987. Dhá sheomra a bhí sa tigín sin ach cuireadh seomraí réamhdhéanta ar an láthair de réir a chéile, mar a bhí gá dóibh.

An chearnóg

Bhóg na Bráithre Críostaí amach as an gCearnóg ag tús na nóchaidí agus tógadh Meánscoil Dara ar an mbóthair amach go Bóthar Buí.

Cheannaigh an Roinn Oideachais an suíomh ó na Bráithre Críostaí, chuireadar caoi ar na seomraí agus bhog leath de Scoil Uí Riada isteach í Meán Fómhair 1994 agus bhog an leath eile isteach í Meán Fómhair 1995. Cuireadh seomraí réamhdhéanta leis an suíomh seo nach mór gach bliain go dtí 2007. Tháinig fás agus borradh ar líon na ndaltaí sa scoil ó 190 go 350+.

Anois bhí an suíomh ró bheag.

An bhanóg

Ag tús an chéid seo (2000’s) thosaigh an príomhoide le tacaíocht an Bhoird Bhainistíochta ag pleanáil scoil úr nua sna Banóga.

Le tacaíocht ón Roinn Oideachais, ceannaíodh suíomh agus tógadh scoil nua le 16 rang sheomra. Bhog pobal Scoil Uí Riada isteach sa bhfoirgneamh úr nua seo í Meán Fómhair 2007. Bhí gliondar croí ar gach duine.

Ní fada áfach go raibh níos mó seomraí ranga ag teastáil.

Foirgneamh nua

Cuireadh leis an bhfoirgneamh thar na bliana agus anois (2024) tá 24 rang sheomra móide dhá halla, dhá chlós, dhá pháirc astro, páirceanna peile agus a lán acmhainní eile sa scoil.

Is scoil nua-aoiseach í Scoil Uí Riada anois, atá ag freastal ar phobal ilchineálach Chill Choca & Máguaird le h-áiseanna, daltaí & foireann go bhfuil muid go léir thar a bheith bródúil astu.